An Dé Deiridh
()
About this ebook
Poems that inspire a love of life, written in rich and beautiful Irish by one the language's most accomplised wordsmiths.
Joe Steve Ó Neachtain
Born in An Chré Dhubh in An Spidéal in 1942, Joe Steve has been writing creatively since 1969. His radio drama series Baile an Droichid, Raidió na Gaeltachta, 1986 to 1996, received the Jacobs Award. He lives in An Chré Dhubh with his wife Máirín. They have three adult children.
Read more from Joe Steve ó Neachtain
Ag caint linn fhéin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsLámh Láidir Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsClochmhóin Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSalann Garbh Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Related to An Dé Deiridh
Related ebooks
Sé an Saol an Máistir Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMáthair an Fhiaigh: The Raven's Mother Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSpíonáin is Róiseanna Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Dealg sa bhFéar Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAg Tnúth leis an tSolas Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMargadh na Míol I Valparaíso: The Flea Market in Valparaíso Rating: 5 out of 5 stars5/5Agus Rud Eile De: And Another Thing Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCloch Nirt Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓn tSeanam Anall Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMairtin O Direain: Na Danta Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSeal i Nepal Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAistriú Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsCeol Baile Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Fear nach nDéanann Gáire Rating: 4 out of 5 stars4/5Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsÓlann Mo Mhiúil as an nGainséis Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsHomecoming: An Bealach na Bhaile Rating: 4 out of 5 stars4/5Scread Mhaidne Rating: 4 out of 5 stars4/5Niamh Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSeán Ó Ríordáin: Na Dánta Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsIngne Dearga Dheaideo Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsSeal san Aetóip: Sa Tóir ar Áirc an Chonartha Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsDaoine a Itheann Daoine Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsIad Seo Nach bhFaca Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsMicheál Breathnach: Scríbhinní Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsGearrscéalta ár linne Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsAn Gatsby Mór: Eagrán onyx Rating: 0 out of 5 stars0 ratingsBirbal Rating: 5 out of 5 stars5/5I gCóngar i gCéin Rating: 0 out of 5 stars0 ratings
Related categories
Reviews for An Dé Deiridh
0 ratings0 reviews
Book preview
An Dé Deiridh - Joe Steve Ó Neachtain
Deiridh
Claíocha
Go dtí mullach na Leice Rua
a théim,
nuair nach léir dhom
cé dar díobh mé,
nó go ndearcaim
na hiarsmaí is sine
de dhéantús lámh
mo chine.
Feicim rian gach glúin
dár imigh romham
i raon mo shúl,
de chlaíocha casta,
ag deighilt talamh cuir
ó rútaí raithní
sna garbhchríocha
atá idir fraoch
is feamainn.
Is mothaím col
le sliocht mo shleachta
a chuir cloch ar chloch
go síoraí seasta:
ag réabadh moghlaeir
le neart a ngéag
mar fhál don ghort
a chuir greim
ina mbéal.
Leagaim lámh le cion
ar chlaí
a bhfuil féasóg liath
le haois ar a aghaidh,
is mothaím giúin
ón nglúin a rinne:
nach n-iompaíonn nídúr
a chúl
le cine.
Ag Bleán
Shíl mé nach bhfeicfinn
an lá go deo,
gur rothaí rubair
a bheadh ar mo bhó,
gur síos i bpáipéar
a bhlífeadh sí bainne,
is mé fós ag srannadh
le moch na maidne.
Déistean
Gach ar chum tú ariamh
ní bhréagnódh
radharc na súl;
nuair a phreab
an gaiste,
d’athraigh dreach do chliú.
Níorbh ábhar gaisce
an seachmall
a chlaon do spéis.
Filíocht a rinne fear dhíot;
ni mianta gnéis.
Chaith tú mámh
na ndán
sa ngearradh díobh.
Gan sa t-aon hairt
ach drámh
an bhriseadh croí.
Mheall sí thú
chomh soineanta
le naíonán:
ní raibh cuileata ariamh
in ann ag cianán.
Nár léir dhuit
gur Dia bréige
a bhí siad a adhradh:
pócaí folamh
ar thob thú a thachtadh
le cuingir bláthanna,
fiseán
ag bleán t’fhaoistin,
mar a bheadh cneá
ag fágáil smál
ar áilleacht Mhín an Leá.
Dóthain
Ní theastaíonn uaimse
ach mo dhóthain
mar lón,
don chodladh suaimhneach,
greim ar bord
agus deoch le n-ól
is gan deoir anuas
sa ngeimhreadh
ach
cén chaoi gur eol
do dhuine a dhóthain?
Nó an ionann dóthain
is fuílleach?
Nó ar mhair aon neach
ar an domhan seo fós
a d’aithin a dhóthain
go díreach?
Snag Breac
Mo ghoirm thú
atá ag séideachán
le nádúr Féile Bríde,
gan d’oiliúint ort
ach saineolas
nach múineann léann
do dhaoine.
Is uait nár theastaigh
an rockbreaker,
is tú ag athchúrsáil
an bhrosna,
slat i mbarr
do ghoib agat,
is tú ag fiochán
le do chosa.
Gan beann
ar shrianta pleanála,
ná aird
ar cheantar caomhnaithe:
chuir tú dlús
le nead go feiceálach
de réir na gcearta
a chleacht do shinsir.
Oscailt súl do thionóntaí,
ar diúltaúodh cead
dá gclann,
an spiorad atá
sa mianach agat
is gan orlach toirt
i do cheann.
Somhairle
Níor chuir iargúltacht do dhúchais
aon chuingir ortsa
a Shomhairle Mhóir MhicGill-Eain,
óir ba leasú
coirp is intinne dhuitse
ciúnas, úireacht is áilleacht
Iar-Alban.
Ba tusa fathach na fílíochta,
a raibh an bród
i do ghlór
ag baint macalla as beanna
nó ag blean an drúcht den cheo,
mar a bheadh maidhmeanna beaga ar dhroim locha
ag sioscadh